Course Name |
Nua Ghaeilge - Taighde Ealaíonta - Research |
Course Provider |
Maynooth University |
Course Code |
MHU06 MHU07 |
Course Type |
Postgraduate |
Qualifications |
Award Name | NFQ Classification | Awarding Body | NFQ Level |
Degree - Doctoral (Level 10 NFQ)
More info...
|
Major |
National University of Ireland |
Level 10 NFQ |
|
Apply To |
PAC |
Attendance Options |
Full time, Part time, Daytime |
Location (Districts) |
Maynooth |
Qualification Letters |
PhD |
Enrolment and Start Dates Comment |
Tús an chúrsa Meán Fómhair (nó am eile a shocrófar) |
Application Date |
Dáta Deiridh
31 Iúil. De ghnáth glactar le hiarratais ar chéimeanna taighde ag am ar bith. |
PAC Application Information |
Ar líne amháin via www.pac.ie/maynoothuniversity
Cód PAC
MHU06 PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta) Lánaimseartha
MHU07 PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta) Páirtaimseartha
Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur ar aghaidh chuig PAC
D’iarrthóirí nár bhain an bhunchéim amach in OÉ Má Nuad: cóip dá dTeastas Breithe nó de Phas bailí, Tras-scríbhinn Oifigiúil agus dhá Theistiméireacht Acadúla mar thacaíocht lena n-iarratas. |
Application Weblink |
Web Page - Click Here |
Duration |
4 years Full-time, 6 years Part-time |
Link to Course Fee |
Web Page - Click Here |
Entry Requirements |
Expand+Bunchéim onóracha le dara honóracha grád 1 (II.1) sa Nua-Ghaeilge a theastaíonn le haghaidh na céime seo. Is gnách go mbíonn iarchéim (MA, MLitt onóracha) acu siúd a thugann faoi PhD sa Nua-Ghaeilge. Is féidir an chéim seo a dhéanamh go...
Hide-Bunchéim onóracha le dara honóracha grád 1 (II.1) sa Nua-Ghaeilge a theastaíonn le haghaidh na céime seo. Is gnách go mbíonn iarchéim (MA, MLitt onóracha) acu siúd a thugann faoi PhD sa Nua-Ghaeilge. Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha nó go páirtaimseartha. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le Roinn na Nua-Ghaeilge mar a bhfaighfear a thuilleadh eolais agus foirm iarratais.
I gcás iarrthóirí don PhD sa Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta), anuas ar na riachtanais ghinearálta thuasluaite, beifear ag súil go mbeidh taithí shuntasach ina réimse speisialtóireachta ealaíonta ag an iarrthóir agus ardchaighdeán sroichte acu cheana féin ó thaobh scileanna cruthaitheacha de. I gcásanna eisceachtúla, mar shampla nuair is ealaíontóirí traidisiúnta nó comhaimseartha le taithí na mblianta atá i gceist, is féidir cumas an iarrthóra sa Ghaeilge a mheas neamhspleách ar cháilíochtaí na bunchéime ach foirm iarratais sa bhfoghlaim ó thaithí (R8) a chur faoi bhráid na hOllscoile.
|
Course Content |
Expand+Is í aidhm an chláir ná clár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi ardtaighde i réimsí áirithe den disciplín. Is iad cuspóirí an chláir ná scileanna cineálacha.
Mar chui...
Hide-Is í aidhm an chláir ná clár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi ardtaighde i réimsí áirithe den disciplín. Is iad cuspóirí an chláir ná scileanna cineálacha.
Mar chuid den chlár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge, bíonn ar gach mac léinn réimse modúl a chur i gcrích gur fiú 30 creidiúint ar fad iad, chomh maith le togra mór taighde a chuirfear i gcrích faoi stiúir ba(i)ll foirne. Cuirtear stiúrthóirtheacht ar fáil sna réimsí ardtaighde seo a leanas:
1. PhD Nua-Ghaeilge (Tráchtas)
Tráchtas scríofa c. 80,000 focal ar aon ghné de Léann na Gaeilge
2. PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta)
Bíonn ar mhic léinn PhD sa Taighde Ealaíonta dhá ghné ar leith a chur i gcrích mar chuid dá gcúrsa taighde: (1) tráchtas c. 40,000 focal (.i. scríbhneoireacht bunaithe ar an taighde acadúil agus/nó féinmhachnamh substaintiúil ar an gcleachtas cruthaitheach) (2) togra taighde ealaíonta, mar shampla ceadal mór ceoil, togra feidhmeach amharclannaíochta, togra feidhmeach scannánaíochta, togra sa scríbhneoireacht chruthaitheach, togra feidhmeach sna healaíona traidisiúnta nó comhaimseartha, togra feidhmeach damhsa, togra feidhmeach sna healaíona pobail, nó togra ar aon ábhar cruthaitheach oiriúnach eile a bhaineann leis na healaíona Gaeilge nó Gaeltachta. Is i gcomhpháirt leis an bhfoireann stiúrthóireachta agus leis an gCeann Roinne a shocraítear teorainneacha agus riachtanaisí an togra taighde ealaíonta, agus is é Déan na nDán, an Léinn Cheiltigh, agus na Fealsúnachta a cheadóidh agus a dheimhneoidh sula bhfógrófar don Oifig Staidéir Iarchéime, a nótálfaidh. Cuirfear sceideal agus socruithe scrúdaitheoireachta, faoi mar a oireann don dearadh ar leith ar an togra atá idir lámha, in iúl don mhac léinn i scríbhinn i dtosach na dara bliana. Beidh dhá phointe scrúdaitheoireachta ann mar seo a leanas: (1) breithniú ar an togra taighde ealaíonta féin agus (2) viva voce tar éis don tráchtas a bheith sínte isteach. Sa chás gur ócáid phoiblí ealaíne nó taibhiú poiblí atá i gceist leis an togra taighde ealaíonta, beidh na scrúdaitheoirí i láthair ag an ócáid sin.
Déanfar an clár a sheachadadh trí mhodúil mhúinte chineálacha, inaistrithe, sainiúil don ábhar, agus trí shainmhodúil a chuirfidh an Roinn agus ranna eile sa Dámh ar fáil, agus, más cuí, modúil a chuirtear ar fáil in institiúidí eile in Éirinn nó thar sáile, trí cheachtanna praiticiúla, cur i láthair páipéar comhdhála, freastal ar mháistir-ranganna agus/nó scoileanna samhraidh/geimhridh.
|
Careers or Further Progression |
Déanfar an clár a sheachadadh trí mhodúil mhúinte chineálacha, inaistrithe, sainiúil don ábhar, agus trí shainmhodúil a chuirfidh an Roinn agus ranna eile sa Dámh ar fáil, agus, más cuí, modúil a chuirtear ar fáil in institiúidí eile in Éirinn nó thar sáile, trí cheachtanna praiticiúla, cur i láthair páipéar comhdhála, freastal ar mháistir-ranganna agus/nó scoileanna samhraidh/geimhridh. |
Further Enquiries |
Sonraí Teagmhála
Stiúrthóir an Chláir An tOllamh Triona Ni Shiochain
Teil +353 (0)1 708 3666
R-phost nua.ghaeilge@mu.ie
Gréasán www.maynoothuniversity.ie/nua-ghaeilge-modern-irish
Seoladh Scoil an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Má Nuad, Co. Chill Dara |
Course Web Page |
Web Page - Click Here |
|
|