| Course Name |
Nua-Ghaeilge - Struchtúrtha |
| Course Provider |
NUI Galway |
| Course Code |
GYG12 |
| Course Type |
Postgraduate |
| Qualifications |
| Award Name | NFQ Classification | Awarding Body | NFQ Level |
| Degree - Doctoral (Level 10 NFQ)
More info...
|
Major |
National University of Ireland |
Level 10 NFQ |
|
| Apply To |
PAC |
| Attendance Options |
Full time, Daytime |
| Location (Districts) |
Galway City |
| Qualification Letters |
PhD |
| PAC Application Information |
PAC Code: GYG12 |
| Application Weblink |
Web Page - Click Here |
| Duration |
GYG12 Structured PhD |
| Link to Course Fee |
Web Page - Click Here |
| Entry Requirements |
Ní mór d’iarrthóirí céim dara honóracha 2.1 (ag leibhéal a 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bheith acu, le 2.1 sa Ghaeilge. |
| Course Content |
Expand+Is féidir taighde dochtúireachta a dheanamh i réimse leathan ábhar sa Nua-Ghaeilge idir bhéaloideas, shochtheangeolaíocht, chanúineolaíocht agus nualitríocht. Tá saineolaithe cruthanta ar an bhfoireann teagaisc a bhfuil taighde ceannródaíoch foilsith...
Hide-Is féidir taighde dochtúireachta a dheanamh i réimse leathan ábhar sa Nua-Ghaeilge idir bhéaloideas, shochtheangeolaíocht, chanúineolaíocht agus nualitríocht. Tá saineolaithe cruthanta ar an bhfoireann teagaisc a bhfuil taighde ceannródaíoch foilsithe acu i ngach aon cheann de na réimsí thuasluaite, agus flosc orthu a gcuid saineolais agus taithí a roinnt ar scoláirí óga.
Mar chuid den oiliúint dochtúireachta a sholáthraítear do chlár an PhD Struchtúrtha, tá réimse leathan modúl idirdhisciplíneach ar fáil.
Baineann roinnt de na modúil seo go sainiúil leis an disciplín ina n-oibríonn an mac léinn agus déantar iad a sholáthar chun cur le heolas an mhic léinn ar a shainréimse taighde. Soláthraíonn modúil eile scileanna lárnacha atá riachtanach chun an tionscadal taighde a chur i gcrích. Cabhraíonn NG 523 (Teanga na Nua-Ghaeilge) leis an mac léinn barr feabhais a chur ar a chuid eolais ar cheart na Gaeilge agus ar a scileanna scríbhneoireachta idir bhuncheapadóireacht agus aistriúchán. An líofacht teanga a shealbhóidh an mac léinn i gcaitheamh a tréimhse staidéir, cuirfidh sí go mór lena acmhainn infhostaitheachta in earnáil na Gaeilge.
Chun taithí bhreise a chur ar fáil don mhac léinn agus tacú lena fhorbairt ghairmiúil, beidh sé páirteach sa chomhdháil bhliantúil a eagraíonn Roinn na Gaeilge sa chéad seimeastar den bhliain acadúil agus freastalóidh sé/sí ar sheimineáir thaighde eile de chuid na Roinne.
|
| Research Areas |
Expand+Areas of interest
An Dr. Clodagh Downey
Teanga agus litríocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge; filíocht na Meán-Ghaeilge. Ag obair faoi láthair ar staidéar de gach ar chum Cúán Úa Lothcháin agus ar eagrán dá shaothar.
An Dr. Graham Isaac
Te...
Hide-Areas of interest
An Dr. Clodagh Downey
Teanga agus litríocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge; filíocht na Meán-Ghaeilge. Ag obair faoi láthair ar staidéar de gach ar chum Cúán Úa Lothcháin agus ar eagrán dá shaothar.
An Dr. Graham Isaac
Teangeolaíocht chomparáideach agus ghinearálta na dteangacha Ceilteach agus na hInd-Eorpaise; sean-teangacha Ceilteacha mhór-roinn na hEorpa; litríocht na Sean- agus na Meán-Bhreatnaise (go háirithe an fhilíocht); na meadarachtaí.
An Dr. Rióna Ní Fhrighil
Prós agus filíocht an 20ú haois; an chritic liteartha; an litríocht taistil; teoiric an aistriúcháin; an teangeolaíocht fheidhmeach; an fhoghlaim ríomhchuidithe.
An Dr. Lesa Ní Mhunghaile
Filíocht an 17-19ú haois; traidisiún na lámhscríbhinní déanacha; oidhreacht Oirialla; na laoithe Fiannaíochta; lucht an chinsil agus saíocht na Gaeilge; An Seabhac agus athbheochan na Gaeilge; an Ghaeilge i gCeanada sa 19ú haois.
An Dr. Lillis Ó Laoire
Comhthéacs, taibhléiriú agus cur i láthair an chultúir; teoiric léann an bhéaloidis; tionchar an náisiúnachais ar an bhéaloideas; modhanna bailithe an bhéaloidis; an béaloidis sa saol domhandaithe; an t-amhrán in Éirinn agus in Albain; an nualitríocht; an litríocht réigiúnach.
An Dr. John Walsh
Sochtheangeolaíocht na Gaeilge; sochtheangeolaíocht chomparáideach; reachtaíocht teanga; canúineolaíocht; an Bhreac-Ghaeltacht; meáin chumarsáide agus mionteangacha; teanga agus forbairt shocheacnamaíoch.
An Dr. Jeannine Woods
Scannánaíocht na Gaeilge; an inscne agus an ghnéasúlacht i litríocht agus dioscúrsa na Gaeilge agus na hÉireann; an chritic iarchoilíneach agus chultúrtha, teoiric an taibhléirithe
|
| Further Enquiries |
Dr Jeannine Woods
E: Jeannine.woods@nuigalway.ie
T: +353 91 493960
|
| Course Web Page |
Web Page - Click Here |
| International Students |
Web Page - Click Here |
|
|