| Course Name |
Teicneolaíocht Faisnéise - Research |
| Course Provider |
NUI Galway |
| Course Code |
GYF36 GYF37 |
| Course Type |
Postgraduate |
| Qualifications |
| Award Name | NFQ Classification | Awarding Body | NFQ Level |
| Degree - Masters (Level 9 NFQ)
More info...
|
Major |
National University of Ireland |
Level 9 NFQ |
|
| Apply To |
PAC |
| Attendance Options |
Full time, Part time, Online |
| Location (Districts) |
Galway City |
| Qualification Letters |
MSc |
| Application Weblink |
Web Page - Click Here |
| Duration |
GYF36 Lánaimseartha - Bliain acadúil lánaimseartha amháin
GYF37 Páirtaimseartha - Dhá bhliain acadúla lánaimseartha |
| Link to Course Fee |
Web Page - Click Here |
| Entry Requirements |
Beifear ag súil go mbeidh bunchéim le honóracha ag iarrthóirí, sa Ríomhaireacht/Teicneolaíocht Faisnéise nó i réimse gaolmhar. Beidh sé riachtanach go mbeidh Gaeilge mhaith ag iarrthóirí freisin. Tá an clár oscailte do chéimithe nua agus do chéimithe a bhfuil taithí ghnó/thionsclaíoch acu. |
| Course Content |
Táthar ag tairiscint an chláir scoláireachta taighde seo trí chomhpháirtíocht idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Teicneolaíochta Faisnéise. Is í aidhm an tionscnaimh deis a thabhairt do chéimithe ón nGaeltacht, agus do chéimithe eile a bhfuil Gaeilge líofa acu, tabhairt faoi Chéim M.Sc. trí thréimhse a chaitheamh i mbun taighde ar shainréimse de Theicneolaíocht na Faisnéise. |
| Research Areas |
Expand+Beidh an clár á mhaoirsiú ag Roinn na Teicneolaíochta Faisnéise i gcomhpháirt le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Beidh sé de dheis ag iarrthóirí a bhfuil suim acu sa chlár seo réamhplé a dhéanamh ar réimse taighde ina bhfuil spéis acu le ball fo...
Hide-Beidh an clár á mhaoirsiú ag Roinn na Teicneolaíochta Faisnéise i gcomhpháirt le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Beidh sé de dheis ag iarrthóirí a bhfuil suim acu sa chlár seo réamhplé a dhéanamh ar réimse taighde ina bhfuil spéis acu le ball foirne acadúil de chuid an chláir. Ag teacht ón bplé sin má chinntear go bhfuil an t-iarrthóir sásúil beidh ar an iarrthóir Foirm Iarratais Iarchéimí a líonadh agus Togra Taighde gearr a chur ar fáil ar an réimse taighde a bhfuil spéis léirithe aige/aici ann.
Rachaidh iarrthóirí sásúla i mbun taighde faoi mhaoirseacht bha(i)ll acadúla lánaimseartha de chuid an chláir. Beidh scrúdú agus torthaí an chláir bunaithe ar chaighdeán an taighde agus an Mhórthráchtais a chuirfidh an mac léinn ar fáil
Tá iarratais á lorg faoi láthair ó chéimithe a bhfuil suim acu tabhairt faoi shainchlár taighde i gceann de na réimsí thíosluaite:
Aisghabháil agus Scagadh Faisnéise (Information Retrieval and Filtering)
Intleacht Shaorga agus Meaisínfhoghlaim (Artificial Intelligence and Machine Learning)
Ilmheáin ( Multimedia)
Teicneolaíocht Faisnéise agus an tSochaí (Information Technology and Society)
Líonraí agus Teicneolaíochtaí Gan Sreang (Networks and Wireless Technologies)
Ríomhfhoghlaim (E-Learning)
Ríomhthráchtáil (E-Commerce)
Ríomhtheangeolaíocht (Computational Linguistics)
|
| Careers or Further Progression |
Tá deiseanna gairme an-mhaith ann do chéimithe an chláir seo; tá oscailtí maithe ann i gcónaí do thaighdeoirí oilte atá in ann réitigh a chumadh agus a sholáthar do riachtanais teicneolaíochta earnálacha éagsúla, sa bhreis ar dheiseanna taighde agus forbartha (R & D) gairmiúla. Cothóidh an clár seo deiseanna comhairleoireachta, teagaisc agus deiseanna leanúint leis an taighde acadúil do chéimithe an chláir seo. |
| Further Enquiries |
An Dr Seathrún Ó Tuairisg,
An tAonad Ríomhaireachta,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Carna,
Co. na Gaillimhe.
Fón: +353 95 32834
Facs: +353 95 32836
R-phost: cursaioegaillimh.ie
Idirlíon: http://www.acadamh.ie/ |
| Course Web Page |
Web Page - Click Here |
| International Students |
Web Page - Click Here |
|
|