| Course Name |
Múineadh Na Gaeilge - Daoine Fásta |
| Course Provider |
Maynooth University |
| Course Code |
100226 (Assigned by Qualifax. Not an official code) |
| Course Type |
Lifelong Learning |
| Qualifications |
| Award Name | NFQ Classification | Awarding Body | NFQ Level |
| Special Purpose Diploma (Level 7 NFQ)
More info...
|
Special Purpose |
National University of Ireland |
Level 7 NFQ |
|
| Apply To |
Course provider |
| Attendance Options |
Part time |
| Location (Districts) |
Maynooth |
| Application Date |
Chun cur isteach ar áit ar an gcúrsa seo, líon an fhoirm iarratais (ar fáil go luath) agus agus cuir ar ais chugainn í roimh an 16 Meitheamh 2017 móide táille riaracháin €30 chuig:
Dioplóma i Múineadh na Gaeilge 2017
Lárionad na Gaeilge
Ollscoil Mhá Nuad
Maigh Nuad
Co. Chill Dara |
| Application Weblink |
Web Page - Click Here |
| Entry Requirements |
Expand+International & EU/EFTA Entry Requirements
Visit the International Office website for details.
Additional Information
Chun áit a fháil ar an gcúrsa beidh ar iarrthóirí scrúdú iontrála agus agallamh a dhéanamh. Scrúdú scríofa agus cainte ag Meá...
Hide-International & EU/EFTA Entry Requirements
Visit the International Office website for details.
Additional Information
Chun áit a fháil ar an gcúrsa beidh ar iarrthóirí scrúdú iontrála agus agallamh a dhéanamh. Scrúdú scríofa agus cainte ag Meánleibhéal 2 (B2) de Theastas Eorpach na Gaeilge a bheidh i gceist leis an scrúdú. Beidh 70% ar a laghad ag teastáil i ngach scil (scríobh agus caint) chun a bheith san áireamh d’áit ar an gcúrsa.
Beidh an scrúdú iontrála ar siúl i rith an tsamhraidh (dáta le deimhniú). Beidh ar gach iarrthóir freastal ar an scrúdú seo. Beidh an t-agallamh ar siúl an lá céanna, ina ndéanfar oiriúnacht na n-iarrthóirí don chúrsa a mheas. Beidh an t-agallamh mar chuid den scrúdú cainte.
Tá eolas faoi scrúduithe TEG, mar aon le páipéir shamplacha ag Meánleibhéal 2 (B2) le fáil ag www.teg.ie. Is scrúdú scríofa agus scrúdú cainte amháin a bheidh i gceist sa scrúdú iontrála seo – ní bheidh scrúdú éisteachta ná léitheoireachta i gceist.
Spriocdháta: 16 Meitheamh 2017
Chun iarratas déanach a dhéanamh ar an gcúrsa cuir glaoch ar 01 7086417 nó ríomhphost chuig teanga@nuim.ie
|
| Course Content |
Expand+Bunaithe ar thaighde ar an dea-chleachtas in oiliúint múinteoirí, d’fhorbair Ionad na dTeangacha Dioplóma nua Ollscoile i 2012. Tá an Dioplóma á thairiscint le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus...
Hide-Bunaithe ar thaighde ar an dea-chleachtas in oiliúint múinteoirí, d’fhorbair Ionad na dTeangacha Dioplóma nua Ollscoile i 2012. Tá an Dioplóma á thairiscint le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus foinsí maoinithe eile.
Leagtar béim láidir sa Dioplóma ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Tá béim ar an bhféinanailís, ar an bpiarmheasúnú agus ar thacaíocht phraiticiúil don mhúinteoir. Beidh deis ag gach rannpháirtí tacaíocht agus comhairle a fháil ó mheasúnóir a thabharfaidh 3 chuairt ar an rannpháirtí le linn dó / di a bheith i mbun teagaisc. Déanfar taifeadadh físe ar gach ceann de na cuairteanna sin agus beidh na taifeadtaí físe mar bhunús le hobair leanúnach an chúrsa. Déanfaidh na rannpháirtithe féinmheasúnú ar na taifeadtaí físe agus gheobhaidh siad aiseolas ón measúnóir chomh maith.
Feidhmeanna an chúrsa
Oiliúint a chur ar fáil do rannpháirtithe maidir le conas Gaeilge a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí fásta.
Cur le scileanna teagaisc na rannpháirtithe.
Cur le heolas na rannpháirtithe ar an taighde is deireanaí a rachadh chun tairbhe dóibh i múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta.
Deis a thabhairt do rannpháirtithe smaointe, moltaí praiticiúla agus tuairimí a mhalartú.
|
| Subjects Taught |
Expand+Ceardlanna
Beidh ar rannpháirtithe freastal ar 10 gceardlann i rith thréimhse an chúrsa. Déanfar cur i láthair sna ceardlanna ar ábhar an chúrsa. Beidh na ceardlanna ar siúl ar Shatharn ó 9.30 a.m. – 4.30 p.m. Beidh béim láidir ar an idirghníomhaí...
Hide-Ceardlanna
Beidh ar rannpháirtithe freastal ar 10 gceardlann i rith thréimhse an chúrsa. Déanfar cur i láthair sna ceardlanna ar ábhar an chúrsa. Beidh na ceardlanna ar siúl ar Shatharn ó 9.30 a.m. – 4.30 p.m. Beidh béim láidir ar an idirghníomhaíocht sna ceardlanna agus tabharfar deis do rannpháirtithe smaointe a roinnt agus tuairimí a mhalartú.
Bainfear úsáid as taifeadtaí na múinteoirí féin den seomra ranga chun cur leis an bplé sna ceardlanna agus cuirfear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí comhairle na rannpháirtithe eile a lorg maidir le gnéithe ar leith dá gcuid teagaisc.
Cleachtadh Teagaisc
Beidh ar rannpháirtithe an chúrsa 40 uair an chloig teagaisc a dhéanamh le linn an chúrsa. Is faoi na rannpháirtithe féin atá sé an cleachtadh teagaisc sin a eagrú. Tabharfar 3 chuairt ar an rannpháirtí le linn dó / di a bheith i mbun teagaisc. Déanfar taifeadadh físe ar gach ceann de na cuairteanna sin.
Fillteán Teagaisc
Beidh ar gach rannpháirtí fillteán teagaisc a choinneáil le linn an chúrsa. Obair leanúnach atá i gceist leis an bhfillteán seo agus beidh sé bunaithe ar na ceardlanna, ar an bpleanáil ranga agus ar an bhféinanailís ar an teagasc.
Tionscadal (an teagasc machnamhach)
Beidh tionscadal le déanamh ag rannpháirtithe le linn thréimhse an chúrsa. Beidh an tionscadal seo bunaithe ar an anailís a dhéanfaidh siad ar a gcuid teagaisc.
|
| Careers or Further Progression |
Tá céimithe an chúrsa seo ag obair mar mhúinteoirí Gaeilge in ollscoileanna agus i gcoláistí tríú leibhéal in Éirinn agus leis na heagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre. Tuilleadh eolais anseo.
Postgraduate options:
For further information on Postgraduate options please go to the Graduate Studies website.
|
| Further Enquiries |
Stiúrthóir an chúrsa: Ailín Ní Chonchúir
Ríomhphost: teanga@nuim.ie
Guthán: (01) 708 3737
Seoladh:
Dioplóma i Múineadh na Gaeilge 2017
Lárionad na Gaeilge
Ollscoil Mhá Nuad
Maigh Nuad
Co. Chill Dara
|
| Course Web Page |
Web Page - Click Here |
|
|